Chuir an ceoltóir agus an cumadóir Peadar Ó Riada tús leis an gcomórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2010. Cuireann ceoltóirí ó gach cearn den domhan isteach ar an gcomórtas gach bliain.
Bíonn uirlis éagsúil i gceist gach bliain, thar tréimhse ceithre bliana:
The Bonn Óir Seán Ó Riada competition was inaugurated by Peadar Ó Riada on his Raidió na Gaeltachta traditional music programme Cuireadh chun Ceoil on RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2010 and it attracts entries every year from all over the world.
It focuses on a different instrument every year over a four-year cycle:
Bhíodh comórtas ceoil ag Seán Ó Riada ar a chlár raidió sna seascaidí, agus is as sin a fuair Peadar Ó Riada an smaoineamh don chomórtas seo dá chlár féin ar Raidió na Gaeltachta. Is í an aidhm atá leis, an clann éisteoirí atá ag Cuireadh chun Ceoil i ngach cearn den domhan a thabhairt le chéile trí leas a bhaint as an nua-theicneolaíocht. Tá béim faoi leith sa chomórtas seo chomh maith ar cheolmhaireacht agus ar chruthaitheacht sa cheol, seachas ar chruinneas teicniúil amháin.
Bonn Óir Sheáin Uí Riada, chomh maith le seic do €2500, a bhíonn le fáil ag an mbuaiteoir. Is é Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan, nach maireann, a rinne an chéad dhearadh ar an mbonn agus thóg sé beagnach 4 mhí air é sin a dhéanamh. Portráid Sheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus iomhá atá greannta ar an taobh eile atá bunaithe ar Dhán Aimhirgín – an chéad dán Gaeilge a cumadh ariamh, de réir an tseanchais. Is i stíl La Tene atá an taobh seo den bhonn déanta, ag úsáid modh ceardaíochta an repoussé. Dhá phláta airgid atá ann agus iad ceangailte dá chéile, agus nuair a phioctar an buaiteoir greanntar ainm an bhuaiteora agus an bhliain ar an mbonn, agus ansin déantar é a chneasú in ór. Cailleadh Pádraig Ó Mathúna sa bhliain 2019, agus anois is í a iníon Niamh Utsch a dhéanann an obair.
The idea for the competition came originally from Peadar Ó Riada’s father, composer and musician Seán Ó Riada, who had a competition on his radio programme Fleadh Cheoil an Raidió on Radio Éireann in the sixties. Inspired by this idea, Peadar also saw the competition as an opportunity to leverage the advances in technology, and increased access to computers and mobile phones, to bring the worldwide family of traditional Gaelic music together.
The competition sets itself apart from others in that it rewards musicality and creativity in playing, not just technical proficiency, as can sometimes be the case.
The winner of the competition receives the unique Bonn Óir Seán Ó Riada gold medal, which was originally designed by Cashel goldsmith Pádraig Ó Mathúna. Ó Mathúna took almost 4 months to design the medal, which is engraved on one side with a portrait of Seán Ó Riada and features a design on the other side inspired by Dán Aimhirgín – Song of Amergin – uttered by the Milesian druid Amergin as he first set foot on Irish soil. This side of the medal is done in the La Tene style to indicate rhythms of music, using repoussé technique. The medal consists of 2 silver plates back to back, and following the competition the winner’s name is engraved on the medal and the year, and it is then coated in gold. Pádraig’s daughter Niamh Utsch has now taken over this work after her father’s death in 2019, RIP.
Tá an comórtas oscailte do cheoltóirí de gach aois.
The competition is open to musicians of all ages.
Painéal saineolaithe ar cheol traidisiúnta na hÉireann mar mholtóir.
Judged by a panel of experts in traditional Irish music.
Iarrtar ar rannpháirtithe 5 rian a chlárú agus a chur isteach. Beidh na rianta seo a mheas ag saineolaithe nach bhfuil ainmneacha na rannpháirtithe. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun é sin a dhéanamh.
Participants are asked to register and submit 5 tracks. These tracks will be judged by experts who do not have the names of the participants. Click the button below to do so.
Iarrfar ansin ar na hiomaitheoirí deiridh ó na haighneachtaí rian a bheith san iomaíocht beo ar RnaGs Cuiread chun Ceoil.
The finalists from the track submissions will then be asked to compete live on RnaGs Cuiread chun Ceoil.